Scoil: Dún Ceann Fhaolaidh (uimhir rolla 15499)

Suíomh:
Dún Cionnaola, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seaghan Mac Cuinneagáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1038, Leathanach 334

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1038, Leathanach 334

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dún Ceann Fhaolaidh
  2. XML Leathanach 334
  3. XML “Comharthaí Aimsire a mBíodh Iomrá orthu roimhe seo”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Deirfeadh na daoine roimh seo da mbeadh nodhlaig glás ann go mbeadh an railig lánn. An cíall a bhí le sin cinnte gur mhaith leo sneachta a fheiceal I dthalamh roimh nodhlaig. Deirfeadh siad da bhfagadh Samhain an gaoth o thuaith go mbeadh geimhreadh cruaidh ann le siocan agus sneachta.
    Déirfheadh siad da mbeadh an gaoth o dheas ag Samhain go mbeadh geimhreadh bog ann. Sean lá Samhna a beirfeadh siad ar an [12adh]. Samhain agus sean la bealtaine a beirfeadh siad ar an [12adh] bealtaine.
    Deirfeadh siad da mbeadh rabharta mór na feile Phádraig garbh go mbeadh gach uile rabharta ar fud an bliadhain garbh fosta. Da mbeadh sé chúin deirfeadh siad go mbeadh gach uile rabharta ar fud an bliadhain chúin nadúrdha. Rabharta mór na Feile Phádraig sin an tainm a bheirfeadh siad ar an chéad rabharta indiaid na feile Phádraig.
    Deirfheadh siad I dtalamh da bhfeiceadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    Teanga
    Gaeilge