Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)

Suíomh:
Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Antoin Ó Dochartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 70

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 70

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cineal Conaill
  2. XML Leathanach 70
  3. XML “Dán Oileán Locha Deirge”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (Tá "Och Och agus Och Ochón" indiaidh gach líne)
    'Sé do mhíle moladh a Rí na nGrásta,
    Och, Och agus Och Ochón
    Abraigidh an paidir agus léighfidh mé an dán daoibh
    Árdagaidh libh ionnsoir Piolaid gan spás é.
    Dhíol siad ar ghibi 'sa fichead d'en airgead bán é
    Árdaigaidh ionnsoir h-Eród gan grás é
    Sé d'órduigh crann a ghearradh na bhuird sa gharadh
    Chum siad léine síos go féar leis
    Is cheangail siad iall le rópaí caola é
    Sa chaoi a bhfuigheadh siad a leagadh nar bhféidir leis éirigh
    Chuir siad an chroich ar a a ghualainn ghlégeal.
    "Tiomanaigh rómhaibh amach ar an tsléibh é
    Caithfeadh gach duine agaibh seile (i) gclár (a) éadain."
    Nuair a thainic Muire i láthair annsin
    "An é sin mo leanbh nó goidé rinne mo ghrádhradh
    Nó an é sin mo leanbh a geineadh sa Mhárta
    Nó an é sin mo leanbh bhí mé ag iomchar trí ráithe
    Nó an é sin mo leanbh a rugadh sa stábla."
    "Ó Fanaigidh go fóil le bhur mrághúil
    Na cluinimse bean agus tá sí cráidhte
    Sílim gur bhí sin féin mo mhathair
    Foighid a mháthair agus tá tú cráidhte
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighread Ní Máirtín
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Seoladh
    Goladoo, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Nuala Ned
    Ainmneacha eile
    Nuala Ned (ainm áitiúil)
    Nuala Ní Máirtín
    Inscne
    Baineann
    Aois
    85
    Seoladh
    Corr an Chreamha, Co. Dhún na nGall