Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)
- Suíomh:
- Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Antoin Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cineal Conaill
- XML Leathanach 74
- XML “Seacht Suáilcí na Maighdeana Muire”
- XML “Rogha na Mná”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Go dtug se an tamharc don dall. Is beannuighthe-An cúÍgeadh subhailce fuair an Mhaigdean Bheannuighthe
Sí sin féin an tsubhailce bhí mór.
Go bhfuair sí subhailce ó na h-Aon Mhac Uasal
Gur léigh sé leabhar ann aifrinn
Is beannuighthe –An séamhadh subhailce fuair an Maighdean Bheannuighthe
Sí sin féin antsubhailce bhí mór.
Go bhfuair sí subhailce ó na hAon Mhac Uasal
Gur iomchar se an chroic ar a (gulann) Ghualainn féin.
Is beannuighthe –An seachtmhadh subhailce fuair an Mhaigdean Bheannuighthe
Sí sin féin an tsubhailce bhí mór.
Go bhfuair sí subhailce na hAon Mhac Uasal
Gur fosgal sé geaptaí na bhflaitheas
Is beannuighthe - - Rogha na Mrá {Nuala Ní Dhochartaigh. (87) Oilean na Cruite, Ceann Caslach a d’innis.Bean ar tugadh breitheamhnas báis ar a fear, ar a mac agus ar a dearthair. Fágadh faoi an bhean cibé de’n triúr ar mhaith léithe saoradh go mbéadh an Rogha sin aicí. Smaoitigh sí tamall agus labhair sí :-
“Gheobhaidh mé fear agus gcruinniú agus mac fá bhroinn agus béidh mac m’athara féin liom”.
Saoradh an triúr aca annsin.- Faisnéiseoir
- Nuala Ní Dhóchartaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 87