Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)
- Suíomh:
- Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Antoin Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cineal Conaill
- XML Leathanach 40
- XML “Micheal ar an Lagán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- D’imhtigh gasúr as an bhaile seo fá choinne fastódh a dheanamh sa “Lagan”. Cuaidh sé go dtí an áit agus rinne sé fastodh le feirmeóir. Thug an feirmeóir an carr agus an beathach leis agus chuaidh sé féin agus an gasúr isteach ins an charr agus d’imthigh leó go dtí an áit a raibh an fear seo ‘na chómhnuidhe.
Nuair a chuid an gasúr isteach bhí sean-bhean afus sean-duine ann, bhí an sean-duine ina shuidhe ins an chlúdaigh agus bhí an t-sean-bhean obair fríd an teach.
Nuair a chuaidh an gasúr isteach shuidh sé ag an doras. Bhí potá crochta ar an teinidh a raibh preataí brúigthe ann. Thóg an t-seanbhean an póta de’n teine. Chuaidh sí go dtí an doras agus shil sí an pota.
Thug sí isteach aríst é agus chroch ar an teinidh é. Annsonn thóg sí é agus d’fhág i lár an urláir é. Bhí cos mhaide ag an bhean seo agus chuir sí a cos isteach ins an phota agus thoisigh sí a bhrúghadh na bpreataí le na cois. Bhí an gasúr ag coimhead leis. Nuair a bhí na preataí brúighte aici, thug sí isteach meannár gabhair, Chuir trasna an póta é agus bhlígh sí isteach ‘sa phota é.
Annsonn d’iarr sí ortha suidhe thart fán phota agus shuidh: Ní rabh aca acht aon spanóg amháin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siubhan Ní Dochartaigh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Ghallachobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 73
- Seoladh
- Gleann Tornáin, Co. Dhún na nGall