Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)

Suíomh:
Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Antoin Ó Dochartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 69

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 69

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cineal Conaill
  2. XML Leathanach 69
  3. XML “Ag Toghadh Mná”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    A leag sí amach go mbéadh meitheal sníomachain aca sa teach. Bhéad cáiliní óga an bhaile uilig ann agus bfurasch rogha agus thógadh a fhágail san iomlán. Bhí sin aca, meitheal mór ó dhoras go teinadh. (Fá dheireadh ma hoidhce.) Bhí an tseanbhean ar a coimheadh rith an ama agus fá deireadh na hoidhce thuit a crann ar trúir [dea?] ach ní thiocfadh léithe deanamh amach ua aca seo a bhfhóirstinighé mar bean-chéile d’a mac.
    Chuaidh sí agus thug sí léithe curta snáithe a bhí na ghréasán, bhí sé comh aimhréidhtigh sin. Thug sí do dhuine don trúir é lé é tothardadh in a ceirtlín ach ní rabh dul aici dadaidh a dheanamh de agus chaith sí uaithe é.
    Níor éirigh leis an darna cáilín dadaidh níos fearr. Ach choinnigh an tríomhadh bean leis go foigdheach gur réidtig sí é de réir a cheile agus go dtearn sí ceirtlín deas cúirealtá de.
    Nuair a bhí an teach réidhtigh agus futha féin an oidhche sin. “Sin dó bhean anois” ars an mháthair, “An cailín a réidtigh an cutá snáith agus má gnid tú dó leas dheánfaidh thú cleamhnas leithé” agus rinne agus cruthuigh sí gó maith.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siubhan Ní Dhochartaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    40
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Craimsigh
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Siubhan Ní Dhochartaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    40