Scoil: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
- Suíomh:
- Clonanav, Co. Waterford
- Múinteoir: Pádraig Ó Cearbhaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)4. Ar mh'anam pé' cu cú nó gadhar ní díolfar i mBearla indiu í" ars an fear bocht.5. Bhí fear saibhir anseo fadó sa Cruan in aice le Caisleán Nua na Siúire agus mhair sé scléipeachtré'n a shaol. Nuair do shíl sé go raibh séag fáil bháis chuir sé fios ar an sagart paróiste. Do bhí scáth air roimh an sagart. Dúirt an sagart leis a faoisdín a insint dó. Nuair a bhí sé tar éis a fhaoisdín a insint dúirt sé leis an sagart "Is dócha go bhfuil mé damanta, a Athair". "Ó níl tú" arsa an sagart "raghaidh tú suas go dtí an Flaithis".
D'fhiafraigh an sagart ansan de, an raibh a uadacht déanta aige, nó an raibh sé chun dada d'fhágaint aige féin. "Ó, fágfaidh mé, a Athair" ar seisean. "Fágfaidh mé agat ó Charraig a' Cruan dtí Brra Cnuic na Rí agus ó gheata an Keniry dtí Barra an Chnuic Maol". (ba é méid an dá pharóiste) agus maran san dótháin d'aon sagart a mhaireachtain ann".
"Ó, tá an diabhal thir ort", ars an sagart.
"Mhuise, deachair ort, a Athair" ars an fear "nuair a bhí mé ins ba Flaithis bhí sé ceart agat mé d'fhágaint ann".6. Bhí fear ann fadó a dtugaidís Tadg Gaelach air agus bhí sé an-chliste ar an teangain. Theaghmaigh sé le sagart éig lá ná raibh maol ach an oiread. Bhí Tadg ag adhaireacht muc,(leanann ar an chéad leathanach eile)