Scoil: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
- Suíomh:
- Cluain na nDamh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Pádraig Ó Cearbhaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Na Capaill
Tugaimíd an stábla mar ainm ar thig na gcapall.
Cuirimíd tuighe, raithnighe mar easair fe's na capaill.
Nuair nach mbíonn ach aon capall amháin ins an stábla ní cheangluighimíd é, ach nuair a bhíonn níos mó ná aon capall cuirimíd ceannrach air agus ceangluighimíd de'n mainséar é le slabhra fada.
Tugaimíd coirce agus féar tirm dhoibh nuir a bhíonn siad istigh.
Téighimíd go dtí an cheardcha go minic leis an capall agus cuireann an gabha cruidhte fé. Uaireanna bíonn scannradh ar an gcapall ins an gceardchain, annsan labhrann an gabha go bog leis chun é a ceannsú.
Bearraimíd ná capall ins an Samhradh le h-inneal-beárrtha.Bhí capall iongantach ag Seamus Ó Tóibín a chómhnuigh ag Baile-Tuathail in aice le Cluain Meala roinnt bliana ó shoin.
Deirtear go dtáinigh sé as an bhfarraighe,(leanann ar an chéad leathanach eile)