Scoil: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
- Suíomh:
- Cluain na nDamh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Pádraig Ó Cearbhaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)nuair a bhíonn an olann daor gheibhtear an-chuid airgid uirthí.
- Sa tsean aimsir bhí an-chuid daoine ann nár chaith bróga riamh. Caogadh blian ó shoin ní caitheadh na páistí scoile bróga aon am sa bhliain. Do chaitheadh cuid acu bróga ag dul go dtí an baile mór nó ag dul go dtí an Aifreann. Dá mbeadh siad bocht ní chaithfidis bróga go mbeadh siad ábalta iad a cheannach dóibh féin. Do chómhnuigh sean-bhean dárbh ainm di Máire Ní Bheilbí in aici na scoile seo triocadh blian ó shoin agus níor chaith sí bróga riam.
Indiu, is gnáthach leis na leanbhaí dul cosnocht ó Lá Bealtaine go Mí Meadhan Fhóghmhair. Ní bhíonn an oiread leanbhaí cosnocht ins an Samhradh anois agus a bhíodh rionnt bliana ó sóin. Caitheann an cuid is mó des na beanbhaí bróga ar scoil, ach nuair a théigheann siad a bhaile baineann siad na bróga doibh. Is maith an rud é dul cosnocht ins an Samhrad, deineann sé maitheas do na cosaibh, agus crudhann sé iad.(leanann ar an chéad leathanach eile)