Scoil: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
- Suíomh:
- Cluain na nDamh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Pádraig Ó Cearbhaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
- XML Leathanach 281
- XML “Scéalta Sprid”
- XML “Petticoat Loose”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Scéalta Sprid
1. Bhí sean duine in a parróiste seo tamall fada ó shoin agus d'fhan sé i dtigh comhursan go dtí an meadhon oidhche agus bhí míle nó níos mó le dul abhaile aige trés na pairceannaibh.
Nuair a bhí sé leath slighe nó níos fearr d'airigh sé duine ag siubhal in a dhiaidh. Dhearc sé siar a chonnaic sé fear gan ceann agus ar an noimeat cuireadh ar bhárr a chinn é. D'eirigh sé agus theic sé. Níor chuaidh sé abhfad nuair a dhearc se siar arís agus leagadh arís é.
Tháinig an sprid suas leis agus dubhairt sé leis gur mhaith an gnó go raibh a bhata collach aige.
D'éirigh sé agus níor dhearc sé siar arís. Tháinig sé go dtí tigh agus ghlaoidh sé ag an doras é leigint isteach go gcuirfeadh sé spré in a phíopa. Leigeadh isteach é agus chuir sé spré in a phíopa, do chuaidh sé abhaile annsan agus ní fhaca se an sprid a thuille. - Bhí sprid an fadó a dtugaidís Petticoat Louise uirthí. Inghean óstéara ab' eadh í, deirtí gur tháinig sí ó cnoc Colligan in aice le Dúngarbhán.
Bhí an duthaigh ag crioth roimpí. Bhí fear ag teacht abhaile ó Cluain Meala oidhche agus bhí capall agus trucaill Gaodhlach aige. Tháinig an sprid air agus d'iarr sé marcuidheacht air. Dubhairt sé leí suidhe isteach, ní raibh fhios aige gurb e an sprid a chuige é. Ba ghairid gur stad an capall agus dubhairt se leis an sprid gurb é(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Ruaidhrí Ó Riain
- Inscne
- Fireann