School: Cnoc Uí Choileáin, Mainistir na Féile (roll number 10107)
- Location:
- Mountcollins, Co. Limerick
- Teacher: Pádraig Ó Coileáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- I
Ar mo dháil (ghábhail) trí Bhlá Cliath dom,
Go dian dubh (doth) ar maidin,
‘Seadh casadh orm an óig-bhean,
Go raibh séala rósaí ‘na leacain
Agus d’fhiafruigh de’n óig-fhear
“Cá gcomhnuighir, a mharcaigh?”
II
Ar an dtuaith seo athá mo lóistín,
Is ann a chomhnuighim le seala.
Lachtraigh do sgéal nuadh dhom
Ós is déidheanaighe a fhág an baile.
Bhfuil agat aon chéile?
Nó an raibh sí riamh agat.
Tá sí go tinn diacharach
Gabháil an t-ighearnais sa leaba,
Agus mise ar fúd coillthe,
Ar lorg an leighis ná fachtar.
III
Ná cuireadh sí ort aon chás,
Má tá sí rómhat marbh,
Mar gheobhair ba is caoirigh,
Agus síol mhaith ar talamh,
Airgead le chur id’ phóca,
Agus ór buidhe le sgaipeadh,(continues on next page)- Informant
- Pádruig O Liaghain
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Ahaun, Co. Kerry