School: Cnoc Uí Choileáin, Mainistir na Féile (roll number 10107)
- Location:
- Mountcollins, Co. Limerick
- Teacher: Pádraig Ó Coileáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Is mairg a bhíonn idtír gan duine aige féin
Mar lá na Brúighne seadh luigheann an bata ar a thaobh
Agus ar a tharrac chun chill'
Ní bhíonn aon chara 'na dhaidih
* * *
Is íád na prátaí dubha
A d'fhág ins an bPoor house sinn
Is annonn thar fairrge
I roilig an tsleibhe tá na céadta fear treasgairthe
Is righ na bhFlaitheas go réidhidh ár gcás.
* * *
Fear bocht a bhí na chómhnuidhe 'na aonar, bhí air, na prátaí d'ullamhú dhó feín tar eís oibre an lae. Seo mar a dubhairt sé:-"Is fada á nigheadh doíbh
Is fada á gcur síos dóibh
Is fada dhóibh thíos ar an dteine
Fiagóid is fiche a dhóigheann Tadhg bocht san oidhche
Sar a mbogann an croidhe ag na Turcaigh."
O Séamus Ó Bric
Na Gorta Dubh
Baile an Fhirtéirigh
An Daingean- Informant
- Séamus Ó Bric
- Gender
- Male
- Address
- Na Gorta Dubha, Co. Kerry