School: Cnoc Uí Choileáin, Mainistir na Féile (roll number 10107)
- Location:
- Mountcollins, Co. Limerick
- Teacher: Pádraig Ó Coileáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnoc Uí Choileáin, Mainistir na Féile
- XML Page 042
- XML “Séamus Ó Catháin cum Uilliam Uí Chathasaigh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- I
Ag so freagra scriobhtha go dtí thú o Shéamus,
A chara mo chroidhe is a rí ar na saoraibh,
Do thug tumadh no trí dod chlí-chnis ghléigeal
Go grinnealaibh síos I linn na h-éigse.
II
A Uilliam Uí Chathasaigh is danaid ‘sis brón lem chroidhe,
Leoghan ded’ ainm, ded’ phearsain, ded’ ghnó is ded’ ghníomh
Ded’ mhéin, ded chanadh, ded scannadh, is ded glóraibh grinn,
Gan stór, gan gradam, sé an ama ag cóip an fhill.
III
Driodar Danar do mhalluigh an Pápa is Críost,
Níor ghéilleadar do Pheadar is leanadar Mártan sios,
Nuair ling tar caladh le h-allmhur dána an fhill,
Siúd iad a sleachta i ngradam i gClár-Lúirc Choinn
IV
A shaoi ghlic ghasda do chanas do ghlór le diadhacht,
Dob’ eol duit mé d’freagairt gan easba, gan smól gan teimheal,
I nglórthaibh blasda no ar meamram cóir le suigheamh
I gcló is i dteangain gan easnamh id’ ghlór ná id’ scriobh.
V
Is eagal liom féin gur bréag do na h-eagnaibh a scríobh,
Is do Eaglais Dé is do éigsibh tagartha an ghrinn,
Nách mbeidh fanatics claona fá réim ‘nár bhfearann ceart claidheamh
……....…An líne seo ar lár…………(continues on next page)