School: Cnoc Uí Choileáin, Mainistir na Féile (roll number 10107)
- Location:
- Mountcollins, Co. Limerick
- Teacher: Pádraig Ó Coileáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do rugadh Naomh Íde - Grian gheal bhán Mumhan mar a deirtear sa tsean-leabhar i gCo Phortláirge ins an áit ar a dtugtar Ros-mo-Íde indin timceall na bliana 470 agus de shliocht uasal Fheidhlim Reachtmhar abeadh í. Sé ainm a bhí uirthi i dtosach a saoghail ná Dorotcha ach do h-aistrigeadh an ainm sin toisg an dúil a bhí aice i rudaí neamh-shaoghalta. Nuair a bhí sí an-óg bhí gach aoinne ag tracht ar a maithe agus ar a maiseamhlacht agus deirtear gur dhein sí trosgadh agus í fé bhun seacht mbliadhan. Chaith sí tosach a h-óige i dtig a h-athar agus dubhairt seisean nuair a bhí sí fiche bliain d'aois go raibh uirthi taoiseach a bhí i na chomhnuidhe i ngar dóibh a phosadh. Níor dhein sí rud air agus sé an rud a dubhairt sí ná gurbh fhearr léi bheith 'na bhean-riaghalta ná bheith na bainrioghan ós cionn na tíre ó Beann Gabhar go Carn Uí Néid. Níor thaithin sin le n-a h-athair ach do chuir Íde a máthair agus a cáirde cuige bhíodar ag taithint air a slighe féin a thabhairt dí. Ba beag an mhaith dóibh san. Níor dein sé rud ortha. Annsan do dein(continues on next page)