School: Athea (roll number 15686)

Location:
Athea, Co. Limerick
Teacher:
M. Bean Uí Dhanachair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0485, Page 353

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0485, Page 353

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Athea
  2. XML Page 353
  3. XML “Scéalta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Is mo gáire a leanadh na sceulta greannmhara dhá n-innsint ag na sean-daoine.
    “Ar airighís” adearfadh Sean Ó Chonchubhair, “Cad dubhairt an fhear siúbhal leis an sagart, i Mainistir na Féile?”
    Bhuel, bhí an t-athair Ó Cathasaig ‘na sheashamh ag an geata an t-séipeíl roimh an Aifreann agus na pinginí a gcaitheamh isteach sa bhosca os a chomhair amach. Thánaig fear, fear suibhal go dtí an teampall chun Aifreann agus do thaisbeáin an sagart an bosca dó. Cad a dhein mo thinncéar ach stad agus smuta gáire neamh-chórach do chuir air. “Dar fiadh a athair” ar seisean “Sé an t-airgead síos é riaghail na cléire. Is dócha ná fuil cead dul isteach gan costas go h-aon áit ach go h-áifreann!” Do léim an sagart chuige, ach do bhi an tinncéir imthighthe ar nós na gaoithe. Ní deirtear gur éist sé Aifreann an lá san.”
    —-------------------------------------------------
    “Inneosaidh mé díbh” arsa Ristéard Éamoinn “cad a dubhairt Tadhg na mbóthair leis an sagart”. Bhí Tadhg beagainín simplí, ach níor duine le Dia ar fad é. An lá san do bhí mór siubhal sa t-sráid, lá Corp-Criost a bhí acu agus féasta mór é sin
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish