School: Athea (roll number 15686)

Location:
Athea, Co. Limerick
Teacher:
M. Bean Uí Dhanachair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0485, Page 332

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0485, Page 332

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Athea
  2. XML Page 332
  3. XML “Mar a nGairmeadh Ainmneacha ar Áiteanna san bParóiste”
  4. XML “Seán de Róiste”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    h-abhann agus glaodhar, "Lorga" ó shoin ar an áit san. Bhí umar san dtalamh mar a dtuit a chorp agus glaodhtar "Clais" ar an áit. Bhí cnámha leis ar thaobh an chnuic agus glaodhtar "Coill Cnámh" ar an áit sin. Rug na madraí leó an chuid uachtarach d'á chorp leó treasna an t-sléibhe agus glaodtar "Creatlach" mar a d'fhágadar é ó'n am sin go dtí an lá tá indiú ann.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Seo sgeul d'inis Máirtín Ó Súilleabháin timpall ar 1903.
    Sean-maighistir i nÁtha-an-tSléibhe do bheadh é feín. Caogadh bliain ó shoin bhí sé i gceannas scoile na mbuacaillí anseo agus oide leígheanta, árd-aigeanta seímh sobhéasach é. Fear léir é. File i mbeurla é agus eólaidhe cliste.

    Seán De Roíste

    Is eól do gach n-aon gurbh i Clíodna Brannríoghan na Sidheóg Múineach. Inghean do'n draoi Ruadh í agus má fheadadh a hathair scamall cíor-dubh crochach tiubh do cur ar daoine agus leis sin an cath do bhriseadh ar an namhaid do bhí ar cumas a inghine iongantaisí ní ba mhó a dhéanamh. Is minic a dheanadh si giorfiadh nó coinín dí feín agus ní lugha na gur dhein dí arís a's arís ainmhidhe éigin de duine eile.
    Pé sgéul do bhí árd-chúirt Clíodna cúig míle ó dheas ó'n Mágh-ealla. Do bhí carraig mhór ann i lár (-) agus carraigeacha níos lugha timpall ar an bhFaithche. Bhí dhá acra de thalamh áluinn réidh ann agus bhíodh na sideóga ar rinnce ann gach oidhche
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Máirtín Ó Suilleabháin
    Gender
    Male