School: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta

Location:
Skibbereen, Co. Cork
Teacher:
Mícheál Ó Cuileannáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0398, Page 131A

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0398, Page 131A

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta
  2. XML Page 131A
  3. XML “Piseoga”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Leighiseanna
    (1) Má bhainnean tú an t-uisce do bhárr tobair fíor-uisce, maidin Domhnaig Cásca go moch, beidh an t-uisce san tairbheach mar leigheas do thinneas scórnaighe.
    (2) Má loiscenn duine é féin, d'fhéadfadh sé an loscadh a leigheas, ach breith ar arc luachra agus é chimilt treasna ar a theangain.
    (3) Leigheas eile ar loscadh, iseadh duine eile dfhagáíl chun an créacht do shliómadh len a theangain.
    (4) Ní bhfaghaidh duine tinneas fiacal choidhche má bhriseann sé cos froga idir a dhá chlár-fhiacal.

    Piseóg eile do leogas ar lár. (20) Ba ceart cuigean do dhéanamh go moch lá Bealtaine - roim eirghe gréine

    ( Conchubhar Ó Coileáín do bhailig na piseóga agus na leighiseanna seo imeasc a chomhursan in Inis Arcáin agus i nDún na Séad. Chaith sé tamal, leis, ag múine in Oileán Sionnach i gCuan Corcaighe.
    Tá cnuasacht eile leighisean ó Risteárd ó Motharua le léighe ar L. 118 & 119. )
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
    Language
    Irish
    Collector
    Conchubhar Ó Coileáin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Address
    Baltimore, Co. Cork