School: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta

Location:
Skibbereen, Co. Cork
Teacher:
Mícheál Ó Cuileannáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0398, Page 090

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0398, Page 090

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta
  2. XML Page 090
  3. XML “Máire Ní Shíocháin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Nuair a bhí Mícheál Chormaic thíos amach, bliain, do thárla go raibh cailín áirithe ag pioca na bprátaí indiaig na bhfear. Ní raibh puinn maise ag baint léi : bhí a cuid gruaige go glibeach scáinte bhí sí cos-nochtaithe agus is méiscreach a bhí na cosa aici.
    Dubhairt duine des na fearaibh le Mícheál nár bhfearr rud a dhéanfadh sé ná amhrán do cheapa dhi. Dhein Mícheál amhrán am basa, agus isé do mhol thar na beartaibh í.
    Nuair a chualaidh fear a tighe é, do gheall sé éinní ba mhaith leis do Mhícheál ach an t-amhrán do cur in oireamhaint dá inghin féin, ach d'eitig Mícheál é sin do dhéanamh.
    Conchubhar Ó Confrolaidh a thug an fhaisnéis seo agus an t-amhrán dom. Níl sé go léir ann ámhthaig, agus ní chualadh ag éinne eile ó shin é, cé go bhfuil mórán ann a chualaídh é agus go raibh a chúntas acu
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Mícheál Ó Cuileanáin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Conchubhar Ó Confhaolaidh
    Gender
    Male