Scoil: Cuan Dor (uimhir rolla 1272)

Suíomh:
Glandore, Co. Cork
Múinteoir:
Séamus Ó Donnchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 288

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 288

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cuan Dor
  2. XML Leathanach 288
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal Spioraid”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéul Spioraid:-
    (D'innis sean-duine an scéul seo dom)
    Bhí fear ann uair, agus do bhí sé in a chómhuidhe in aice na léime. Tadhg de Róiste do b'ainm do. Gach oidhche théigheadh sé ag imirt cártaí i dtig éigin
    Aon oidhche amháin ar a theacht abhaile dho, rith sé gann de'n tobach, agus chuaidh sé isteach i dtigh cómharsain i gcóir píosa dhe. D'fhan sé ann ar feadh uaire nó mar sin, mar bhí oidhche spéir-ghealaighe ann agus ní raibh deabhadh chun bhaile air
    Do bhí sé díreach chun dul abhaile nuair a buaileadh cnag úathbhasach ar an ndoras. Chuaidh Tadhg amach ach ní raibh aoinne ann. Do dhún sé an doras annsan agus tháinigh cnag eile. Ní raibh aoinne ann arís, agus do tháinigh scannradh go leór air, agus ar na daoine a bhí istigh.
    D'fhágh sé an tigh go h-eaglach, ach nuair ná fhaca sé aon nídh, d'imthigh an scannradh de. Bhí san [?] go maith go dtí go dtáinigh sé go dthí an crois atá inaice galach a ló. Cad a bhí ós a chómhair amach, ach fear mór gorm.
    Do bhí péidhre brógh mór air agus iad ró mhór dho. Is amhlaidh a bhí sé á dtarraing ina dhiaidh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge