Scoil: Cuan Dor (uimhir rolla 1272)

Suíomh:
Cuan Dor, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Séamus Ó Donnchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 301

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 301

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cuan Dor
  2. XML Leathanach 301
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal eile i dtaobh an tSagairt Chéanna is é seo”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Lá amháin tháinig fear go dtí an t-Athair Seán de Paor a bhí ina shagart pharóiste sa Léim céad bliadhain ó soin. Tháinig sé chun leighis d'fhághail mar bhí cos tinn aige acht sar a chuaidh sé isteach sa tigh chuaidh sé isteach i siopa éigin agus d'innis sé a thrioblóid do'n fhear a bhí istigh sa t-siopa. Níor chreid an duine siúd go bhféadfadh an sagart aon leigheas a cur air agus bhí sé ag magadh fé.
    Níor stad san an fear amhthach agus seo leis cuig an t-sagairt agus d'innis sé a scéal do'n sagart agus fé mar a bhí an siopadóir ag magadh fé. Do chuir an sagart leigheas air agus dubhairt sé leis an bhfear dul isteach go dtí an siopadóir ar a dhul abhaile do. Dubhairt sé go ndéanfadh sé amhlaidh agus do dhein agus nuair a chuaidh sé isteach bhí a chos féin tar éis eirghe tinn ag an bhfear istigh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
  2. Oidhche chiúin chalma a bhí ann agus do buaileadh cnag ar dhoras a thighe go h-obann agus nuair a d'oscail sé é chonnaic sé go raibh beirt fhear ann. Ní raibh a fhios aige cad a bhí uatha acht i gcionn tamaill chuireadar i n-iúil do gur airgead a bhí uatha
    Dubhairt an sagart leis an gcailín aimsire corcán uisce a chur ar an dteine. Nuair a bhí an t-uisce beirbhthe rug
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.