School: Cuan Dor (roll number 1272)

Location:
Cuan Dor, Co. Chorcaí
Teacher:
Séamus Ó Donnchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0309, Page 279

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0309, Page 279

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cuan Dor
  2. XML Page 279
  3. XML “Cistí Óir”
  4. XML “Cistí Óir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    méadhon oidhche chaitheadh cloca leó, agus cheapadar gur rud neamh-shaoghalta fá ndear é agus d'eirigheadar as gan an t-ór d'fhághail.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. IV (Innsint eile ar an sgéal thuas.)
    Cúpla céad bliain ó shoin tháinig long Gréigeach isteach sa chuan i gCuan Dor agus ní raibh acht fear amháin beó innte agus b'shin an captaon - bhí an fuireann go léir marbh innte toisc an bolgach a bheith aca. Do scaoil an captaon an t-anncaire agus do ghlaoidh sé ar daoinibh a chonnaic sé ar an mín-tír.
    Thángadar amach cuige agus do chuir sé na cuirp isteach sa mhór-shéol agus bosca lán d'ór in aoinfheacht leó agus d'órduig sé dos na daoinibh an t-ualach go léir agus é féin a bhreith leó isteach. Nuair a thángadar i dtír 'órduig sé dóibh poll mór a dhéanamh agus deineadh amhlaidh agus annsan chuireadh an t-ualach ar fad. Do líonadh an poll annsan agus chuireadh ar bórd luinge airís
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Language
    Irish