School: Cuan Dor (roll number 1272)

Location:
Cuan Dor, Co. Chorcaí
Teacher:
Séamus Ó Donnchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0309, Page 295

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0309, Page 295

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cuan Dor
  2. XML Page 295
  3. XML “Seanfhocal”
  4. XML “Briseadh Loinge”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. "Is fiú a méadhcaint d'ór mála smúit na Márta"

    - Sé sin le rádh ní minic go mbionn Mí na Márta go tirm acht dá mbeadh sé, sé cómhartha é ná an smúit agus dá mbeadh sé tirm b'eadh caoi ag na feirmeóiribh a gcuid oibre a dhéanamh (na barraí a chur) san am ceart.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Language
    Irish
  2. Timcheall deich mbliadhna ó shoin do bádhadh long an-mhór ar fad siar ó thuaidh ó Carraig Aonair. "Dún an Óir" ab ainm do'n bhád. Bhí sí ag dul go dtí áit éigin agus last slinne innte. Lá cheathach ghaothmhar a bhí ann agus ní fhéadfadh an Captaon aon rud d'fheiscint go cruinn mar bhí an cheó go trom.
    Pé scéal é nuair a tangadar go dtí an Carraig Aonair, do scaoileadaqr an t-anncaire acht bhí an ghaoth ag eirghe láidir i leabaidh a céile agus bhí sé ag sáthadh na luinge i dtreó na gcarraigreach. Bhí a fhios ag an bhfuireann go rabhadar i n-áit baoghalach agus do shéideadar an fead. Do chuala Muinntir Oileáin Cléire é 's do chuaidh dream de fearaibh láidre amach chun iad d'fhuascailt.
    Bhí sé ana-dheacair dóibh dul ann mar bhí an ghaoth go tréan 'na gcoinnibh agus do sciobadh iad annso agus annsúd. Tar éis tamaill do thángadar i bhfogus na luinge acht bhíodar i mbaoghal a mbáidhte. Bhíodar tar éis an long a thréigint agus iad sa mbáidín. Fé dheire do shaoradh iad. Ó'n lá sin tugtar "Poll na Slinne" ar an áit a bádhadh an long mar do thuit na slinnte go tóin na fairrge.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.