Scoil: Cuan Dor (uimhir rolla 1272)
- Suíomh:
- Cuan Dor, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Séamus Ó Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cuan Dor
- XML Leathanach 300
- XML “Scéal Púca”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí aonach i Ros Ó gCairbre lá agus chuaidh beirt fhear ann ag díol much agus nuair a bhíodar ag teacht abhaile bhí an oidhche go h-ana-dhorca agus chonnacadar rud i bhfuirm gabhair in aice le sean-fhothraig ar thaobh an bhóthair—bhí earball mór fada ar an ngabhar. Bhí eagla ar na fearaibh agus chuadar isteach sa pháirc agus do lean an gabhar iad. Thosnuig na fir ag screadaigh agus agus ag béicig mar cheapadar gur púca a bhí ann. Bhí tigh in aice leó agus chuaigh an [?] beirt fhear isteach sa tigh agus nuair a bhíodar istigh tháinig an gabhar go dtí an doras í ag gol. I gcionn tamaill chuadar amach agus ní raibh aon rud le feiscint. Thosnuigheadar ar an mbóthar abhaile acht ní rabhadar imthighthe i bhfad nuair a chonnacadar an gabhar ag teacht cúcha airís agus do lean sé abhaile iad. Bhíodh eagla ar na daoinibh sa chómharsanacht roimis an ghabhair as san amach agus do chonnaic mórán daoine í agus cheapadar gur púca a bhí ann i bhfuirm gabhair
Tugtar fothrach an phúca ar an sean-fhothraig atá ann.