Scoil: Cuan Dor (uimhir rolla 1272)

Suíomh:
Cuan Dor, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Séamus Ó Donnchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 294

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 294

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cuan Dor
  2. XML Leathanach 294
  3. XML “Na Bóithre”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá roinnt mhaith de shean-bhóithribh sa chómharsanacht so, cuid aca ní baintear úsáid ar bith asta agus cuid eile ataidi n úsáid i gcómhnuidhe. Tá sean-cheann ó Chuan Dor go dtí an Léím agus tá sé díreach nach mór cé go bhféádfadh sé bheith i bhfad níos feárr muna mbeadh sé chómh díreach.
    Tá dhá shean-bhóthar eile ann agus tugtar "Bord of Works road" ortha. Deineadh iad san sa Droch-Shaoghal agus tuigfí duit nach raibh aon chuspóir le n-a ndéanamh. Níor chríocnuigheadh ceann amháin aca riamh, stadann sé istig i lár feirme agus níor ceangladh é le h-aon bóthar eile.
    Tá na bóithre annso déanta de chloc-aoil acht amháin cúpla ceann a deineadh de clocaibh agus gairbhéal as an bhfairrge. Tá cúpla píosa eile leis atá déanta de manganese mar tá cuid mhaith de'n adhbhar san sa chómharsanacht. Siad na cinn sin na cinn is cruadha agus is beag deisiúcháin a deintear dóibh.
    Tá na bóithríní go flúirseqach agus táid go h-ana chumhang - níl ionnta acht leithead truchailleach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge