School: Macha na gClaidhe (roll number 16086)
- Location:
- Maughanaclea, Co. Cork
- Teacher: Cathal Ó Macháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Macha na gClaidhe
- XML Page 352
- XML “Seanscoileanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus do bhí ar an 4adh Rang 16/= dho dhul as an scoliocht abhfuaradar.Seo leanas na "Subjects" amúineadh ann.
Léíghtheóíreacht, Sgríobhneóíracht, Uimhiríocht, Tír Eólas. Níor múineadh fochal gaedhilge ann ámh.Bhí leabhra ag na Sgoláirí agus ní raibh cead aca na leabhra dó tabhairt abhaile fé mar a dheineann leanbhaí na Scoile anois - toisghe nach raibh ach beurla an bhriste ar fad ag mhuintear an bhaile agus beurla ar fad bhí ins na leabhra.Bhí slinní (Slates) ag na sgoláirí. Bhí paipeár aca leis agus pinn deunta do cléítí aca.Do bhí fód an mór cearnóghach móna ( a very large specially cut sod of turf) mar suideachán ag gach sgoláíre.Do bhiodh cathaoir admaidh ag an múinteóír féin. Deirtear go raibh Domnall (muinteóír) 'na sgoláíre mhatih agus go raibh fios a chéírd go fíor mhaith ghe agus bá mhór an mheas bhí ag aoinne air.Do deineadh Scoil Náísiúnta de'n scoil scairte seo sa bhliain 1839. Lean Domhnall ag múineadh ann. D'eirigh sé as an múinteóíreacht sa bhliain 1840 agus tháínig múinteóír eile an darbh ainm do Mr Neville - strannseár do bheadh 'Neville.'Toghadh (built) scoil eile tamall na dhiaidh sin - an sean scoil a tugtar air fós. Bhí fear darbh ainm do Mac Cártaigh ann 'na dhiaidh sin. Annsan fear darbh ainm do "Tadhg o Sullivan - Mac Carthy - Vaughan - Moynihan - Cronin agus Vaughan arís.(continues on next page)