Scoil: Leitir (uimhir rolla 15668)

Suíomh:
Letter East, Co. Kerry
Múinteoir:
Tomás Mac Eóin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 042

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 042

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir
  2. XML Leathanach 042
  3. XML “Leaba Diarmada”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Leaba Diarmada
    Nuair a bhí Diarmuid agus Grania ag teicheadh ó Fhínn Mhic Chúmhaill do thaistealuigeadar mórán de talamh na h-Éireann. Do thángadar go dtí Gleannbeithe leis, agus d’fanadar ann ar feadh a bhfad.
    Do bhí pluais acu ar gualainn “Corrach Cinn Adhmaid,” agus glaodhtar “Leaba Diarmada” ar an bpluais ó shoin. Is féidir an pluais d’feichsint ón bóthar puiblí ag dul go dtí Cathair Saidhbín. Deirtear go bhfuil sí ós cionn seacht dtroighthe ar aoirde, istig innti.
    Creideann na sean-daoine go bhfuil próca ór i bhfolach istig sa phluais, agus spriod ag faire air acht ní leogfadh eagla dóibh baint leis an áit, ar eagla na spride. Deirtear go raibh fear ag baint raithníghe ag béal na pluaise fadó agus gur airigh sé fuaim istig innti mar a bheadh leanbh ag gol, agus do bhain sé des na rúitíní é go raibh sé sa bhaile.
    Pádraig De Búrca a sgríobh
    Pádraig Ua Ríoghbhardáin (40) d’aithris
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Padraig de Búrca
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ua Ríoghbhardáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    40