Scoil: Leitir (uimhir rolla 15668)

Suíomh:
Leitir Thoir, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Tomás Mac Eóin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 013

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 013

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir
  2. XML Leathanach 013
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéul
    Bhí bean ann fadó, agus ní raibh aoinne ‘na chomhnaidhe in-aoinfheacht léi sa tig. Is in-aiche na teine sa cistin a bhíodh an leabhaidh aichi. Oidhche amháin taréis dul a chodhlad dí do chonnaic sí triúr ag teacht isteach tríd an fhuinneóg, bean, cailín agus fear. Do shuidh an chailín síos ag ag bun na leapthan, do rug an fear ar cathaoir, agus do shuidh sé síos uirthi, níor stad an bean ach ag siúbhal suas, síos, síos, suas an t-seómra, go dtí gur glaodhaig an choileach, agus amach tríd an fhuinneóg arís iad. Do bhí aithne ag an t-sean-bhean ar an daoine, dúbhairt sí gurb’ é a fhear agus a íngean féin a bhí ann, ach ní raibh fhios aici ar an bean in-aon-chor.
    Nuair d’eirig sí ar maidin, cuaidh sí go dtí an sagairt, agus d’innis sí an sgéul dó. Thug sí airgead do cun Aifreann a rád dóibh, agus ní fheaca sí ‘na dhiaidh sin. Sin tímcheall le ochtmhadh bliadhain ó shoin.
    Caitlín Ní Coisdealbha, do scríobh
    Caitlín Bean Uí Coisdealbha (50) d’aithris
    Coill-Coidhtheach,
    Gleannbeithe,
    Co. Ciarraidhe.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Ní Coisdhealbha
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Caitlín Bean Uí Coisdhealbha
    Inscne
    Baineann
    Aois
    50
    Seoladh
    Cill Choimhtheach, Co. Chiarraí