Scoil: Leitir (uimhir rolla 15668)
- Suíomh:
- Leitir Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tomás Mac Eóin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir
- XML Leathanach 080
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seana-SgéulChuaidh taoiseach ag fíadhach lá. Bhí a chuid gadhar le an chois, acht aon chú amháin nár fhreagair dá ghlaodh. Ar bhfilleadh abhaile dó is amhlaidh a bhí an chú chéadna san ag an ngeata roimhe agus rian na fola uirthi. Do bhuail scannradh an taoiseach, mar d’fág sé leanbh sa bhaile ‘na dhiaidh, agus ní raibh an leanbh san le feiscint i n-aon bhall.
Do ghlaoidh sé acht níor fhreagair an leanbh, ná níor airig an taoiseach a ghuth ná a gháire. Bhí an t-úrlár lán d’fhuil, agus rian na fola i ngach aon bhall. Shíl sé, nídh nár b’ionghadh, gurbh amhlaidh a mhairbh an chú a pháiste air, agus cé go raibh móir-cion aige ar an gcoin, do sháthaidh sé a chlaidheamh 'na corp, do chuir an chú bhocht glam an bháis aisti, agus do dhúisigh an ghlam san an leanbh do bhí ina shámh-chodhladh agus éadaighe is troscáin dá cheilt.
In aice an leinbh bhí mactíre mór is é marbh is rian na fola air. D’aithin an taoiseach annsan gurbh amhlaidh d’fhan an chú sa bhaile an lá san cun an páiste do chosaint ar an mactíre. Fuain an chú an lá céadna, agus is uaigneach a bhí an taoiseach in dhiaidh na con a taisbeáin a dílseacht chómh maith sin.Siobhán Ní Curnáin do sgríobh.
Siobhán Bean Uí Curnáin (50) d’aithris..
Caoldubh Uachtarach,
Gleannbeithe,
Co. Ciarraidhe.- Bailitheoir
- Siobhán Ní Cúrnáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Siobhán Bean Uí Cúrnáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- An Caol Dubh Uachtarach, Co. Chiarraí