Scoil: Leitir (uimhir rolla 15668)

Suíomh:
Leitir Thoir, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Tomás Mac Eóin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 019

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 019

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir
  2. XML Leathanach 019
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seana-Sgéal
    Do bhí duine bocht ann uair amháin, agus bhíodh sé ag bailiú pinginí ó gach aoinne gur déirc leis pinginn a thabhairt do. Agus ba mhór an díol truaighe an duine bocht chéadna, mar bhí cárta mór ar sile le na ucht, agus is é bhí sgríobhta air:-
    “Ar ghrádh Dé tabhair déirc do’n duine bocht so atá gan
    Radharc a Shúl gan Éisteacht a Chluas,
    ó’n lá tháinig sé ar an saoghal.”
    Do bhí duine uasal ag gábhail thairis, agus do thuit leath-réal uaidh in aice an daill bodhair. D’aimsig an duine bocht san an píosa airgid láithreach, agus do chuir ‘na phóca. Do bhí ionghadh ar an duine uasal. “Connus a chonnaicís an leath-réal úd,” ar seisean, má’s fíor do’n cárta san ort?” D’fheuch an dall ar an gcárta. “Ó, h-anam ‘on riabhach,” ar seisean, “ní rugas an cárta ceart liom.” “Agus cad a a bhí ar an gcárta ceart,” arsan duine uasal. “Bhí, a dhuine ,” arsan duine bocht, “gur im’ balbán a rugadh mé, agus go bhfuilim fós balbh.”
    Siobhán Ní Curnáin do sgríobh.
    Siobhán Bean Uí Curnáin (50) d’aithris..
    Caoldubh Uachtarach,
    Gleannbeithe,
    Co. Ciarraidhe.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Curnáin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Siobhán Bean Uí Curnáin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    50
    Seoladh
    An Caol Dubh Uachtarach, Co. Chiarraí