School: Leitir (roll number 15668)
- Location:
- Letter East, Co. Kerry
- Teacher: Tomás Mac Eóin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir
- XML Page 019
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seana-SgéalDo bhí duine bocht ann uair amháin, agus bhíodh sé ag bailiú pinginí ó gach aoinne gur déirc leis pinginn a thabhairt do. Agus ba mhór an díol truaighe an duine bocht chéadna, mar bhí cárta mór ar sile le na ucht, agus is é bhí sgríobhta air:-
“Ar ghrádh Dé tabhair déirc do’n duine bocht so atá gan
Radharc a Shúl gan Éisteacht a Chluas,
ó’n lá tháinig sé ar an saoghal.”Do bhí duine uasal ag gábhail thairis, agus do thuit leath-réal uaidh in aice an daill bodhair. D’aimsig an duine bocht san an píosa airgid láithreach, agus do chuir ‘na phóca. Do bhí ionghadh ar an duine uasal. “Connus a chonnaicís an leath-réal úd,” ar seisean, má’s fíor do’n cárta san ort?” D’fheuch an dall ar an gcárta. “Ó, h-anam ‘on riabhach,” ar seisean, “ní rugas an cárta ceart liom.” “Agus cad a a bhí ar an gcárta ceart,” arsan duine uasal. “Bhí, a dhuine ,” arsan duine bocht, “gur im’ balbán a rugadh mé, agus go bhfuilim fós balbh.”Siobhán Ní Curnáin do sgríobh.
Siobhán Bean Uí Curnáin (50) d’aithris..
Caoldubh Uachtarach,
Gleannbeithe,
Co. Ciarraidhe.- Collector
- Siobhán Ní Curnáin
- Gender
- Female
- Informant
- Siobhán Bean Uí Curnáin
- Gender
- Female
- Age
- 50
- Address
- Kealduff Upper, Co. Kerry