School: Leitir (roll number 15668)
- Location:
- Letter East, Co. Kerry
- Teacher: Tomás Mac Eóin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir
- XML Page 032
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- SgéulBhí máighistir ann uair, is bhí cailín aimsire aige. Lá amháin ba mhaith leis dul ar an aonach, is bhí an bóthar salach. Nuair a thug an cailín a bhróga cuige d’féuch sé ortha is dúbhairt – “Cad na thaobh nár ghlanais na bróga?” “Arú níor bhfiú íad a ghlanadh,” arsa cailín, “beidh síad salach sar a mbeidh céad slat de’n bhóthar siúbhalta agat.”
Ní dubhairt an fear a thuille. Bhí cupúrd ann i na mbíodh adhbhar bídh, arán, ím, uibhe, feóil, íasg, prátaí agus mar sin de. Bhí eochair an cupúird ag an bhfear. Chimeád sé an eochair ‘na phóca, is gluais air chun an aonaigh.
Ní raibh sé abhfad ar an mbóthar, nuair a tháinig an cailín ‘na dhiaid agus saothar uirthi. “Dearmhadais an eochair a fhágaint agam,” ar sise, “ní bheidh aon rud le n-ithe agam i gcóir an dínnéir,” “Arú,” arsa an fear, “ní fiú dhuit dinnéar d’ithe. Beidh ocras ort airís i gcionn cúpla uair a’ chluig ‘na dhiaid."Siobhán Ní Curnáin do sgríobh.
Siobhán Bean Uí Curnáin (50) d’aithris..
Caoldubh Uachtarach,
Gleannbeithe,
Co. Ciarraidhe.- Collector
- Siobhán Ní Curnáin
- Gender
- Female
- Informant
- Siobhán Bean Uí Curnáin
- Gender
- Female
- Age
- 50
- Address
- Kealduff Upper, Co. Kerry