Scoil: Leitir (uimhir rolla 15668)
- Suíomh:
- Letter East, Co. Kerry
- Múinteoir: Tomás Mac Eóin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir
- XML Leathanach 081
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- SgeulBhí beirt dearbhráthair ann uair, agus bhíodar ana-cosamhail le’n a céile. Pádraig agus Seán a b’ainm dóibh. Do dhein Pádraig rud éigin as an t-slíghe agus thugadh ós comhair na cúirte é chun é thriail. B’é an Rí an breitheamh a bhí ann. Dúbhairt an Rí leis, dá bhféadfadh sé trí ceisteanna a fhreagairt, go scaoilfeadh sé saor é. “Tá go maith,” arsa Pádraig “comán leat.” Do labhair an Rí, agus ar seisean. “Cad é an mhéadhean a tá san Gealach?” “An mó réalt san spéir?” agus “cad a raibh sé ag cuimhneamh anois air?” Ní raibh Pádraig ábalta ar na ceisteanna san d’freagairt agus nuair a cuaidh sé abhaile an oidhche, d’innis sé mar gheall ortha do Seán. Dúbhairt Seán go raghfhadh sé féin ambháireach cun na trí ceisteanna d’fhreagairt.
La’r na bháireach do cuaidh Seán i láthair an Rí ach mar sin féin níor thug sé fé ndeara gurb’ é a bhí aige. “Bel” arsa’n Rí, “an bhfuil na trí freagraí agat dom.” “Tá” arsa Seán. “Cad é an meadhean atá san Gealach,mar sin? arsa’n Rí, “Tá cead-meadhean” arsa Seán “ná bhfuil ceithre-ceathramha innti.” “An mó réalt sa spéir, mar sin” arsa’n Rí. “Tá fiche milliún “ arsa Seán. “Níl an ceart agat is dóigh liom” arsa’n Rí. “Imthigh amach mar sin” arsa Seán “agus cóireamh iad.” “Cad tá ag cuimhneach anois air?” arsa’n Rí go feargach. “Tá tú ag cuimhneamh anois agur Pádraig atá in ionad Seán.”(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Ó Gríobhtha
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Dómhnall de Róiste
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40
- Seoladh
- Letter West, Co. Kerry