School: Leitir (roll number 15668)
- Location:
- Leitir Thoir, Co. Chiarraí
- Teacher: Tomás Mac Eóin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir
- XML Page 036
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- SgéalTímcheall le h-ocht mblíadhna ó shoin, do bhí ceathrar nó cúig de bhuachaillí óga na h-áite seo, ag rínnce go paróiste na Faille Móire. Nuair a bhíodar ag teacht abhaile, do bhí sé ana-déunach san oidhche, agus ní rabhadar leath-slíghe nuair d’éirígheadar tuirseach.
Ní fada a bhí nuair a bhuail asal leis fé mar a cheapadar. Do sheasamh ceann aca cun dul in áirde ar an asaal, agus é do bhreith leis, ac dúbhairt an cuid eile leis gan aon baint a bheith aige leis, agus do leanadh ortha ag siúbhal.
Ní rabhadar deich dtroighthe on áit in a raibh an t-asal, nuair a ceapadar, gur sóinseál sé é féin go muc, agus do lean sé íad, agus é ag liúrig, agus ag béicig. Do lean sé íad mar sin, agus íad ag imtheact, cómh tapaidh is a bhí in a gcosaibh, go dtí go dtánadar go dtí an teórann, díreach idir an Faill-Mhór agus Gleannbheithe. D’imthig sé as a radharc láithreach, agus níor cualadar a thuilleadh mar gheall air in a dhiaidh sin.Mícheál Ua Gríbhthín, do sgríobh
Dómhnall Ua Gríbhthín, (25) d’aithris
Leitir Thoir
Gleannbeithe.- Collector
- Mícheál Ua Gríbhthín
- Gender
- Male
- Informant
- Dómhnall Ua Gríbhthín
- Gender
- Male
- Age
- 25
- Address
- Leitir Thoir, Co. Chiarraí