School: Leitir (roll number 15668)
- Location:
- Letter East, Co. Kerry
- Teacher: Tomás Mac Eóin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir
- XML Page 002
- XML “Tráigh na mBan Marbh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tráig na mBan MarbhA Mheirdreach mhaluighthe
Na feiceann tú do bhrat
Á sguabadh chun siúbhail
Ag Fear de mhuinntir Shéaghdha
Ó Thráig na mBan marbh. Mór seisear maighdean-mara a bhí taréis teacht isteach ó’n muir agus iad a’ ciorad a gcuid gruaige ar an dtráig. Chaith bean aca a brat uaithi ar an dtráig. Gaibh fear de muinntir Shéaghdha an treo, agus sguaib sé leis an brat is as go bráthach leis.
Nuair ná raibh a brat draoidheachta aici sin níor b’féidir dí dul a thuile fé’n muir agus lean sí Mac Uí Sheaghdha abhaile. Chómhnuig sí leis ar feadh seacht mbliadhan agus i rith na h-aimsire sin níor chualaidh aoinne gáir nó focal aistí.
Nuair tháing sé sin abhaile agus an brat aige, chuir sé i bfolach é i gcúl-lochta bí sa tig, agus i gcionn aga is aimsire d’imthig sé as gcuimhne glan.
Lá dá raibh sé ag glanadh anuas an cúl-lochta, buail an brat leis agus gan cuímhneamh chaith sé anuas ar an úrlár é. Bhí sise ag faire air. D'aithin sí an brat ag teacht anuas. Cuir sí gáire-athais aisti. Rug ar an brat agus amach an doras léithe, síos go dtí an tráig(continues on next page)- Collector
- Tomás 'ac Eoin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Mícheál O Muirceartaig
- Gender
- Male
- Age
- 75
- Address
- Treangarriv, Co. Kerry