School: Leitir (roll number 15668)

Location:
Letter East, Co. Kerry
Teacher:
Tomás Mac Eóin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 077

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 077

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leitir
  2. XML Page 077
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal
    Do bhí fear bocht i gCathair-Saíd-bhín, is do bhí clann mór aige, is gan aon nídh le n-ithe acu. Lá amháin, do shochraigh an fear, dul ag lorg oibre go Tráighlí. Nuair a bhí ‘sé cómh-fada le Caisleán-na-Mainge, do bhúail feirmeóir leis.
    Do bhí dhá thig ag an bhfeirmeóir ach ní raibh aoinne i cómhnaidhe ann, mar bhíodh na daoíne maithe ann istoídhche. Dhein an fear bocht agus an feirmeóir margadh le’n a chéile, agus dúbhairt an feirmeóir go dtúbharfhad sé fiche púnt dó, dá gcodluígheadh sé sa tig aon oídhche amháin.
    D’aontuig an fear bocht leis láithreach agus ar tuitim na h-oídhche chuaidh sé go tig na daoíne maithe. Do chuir sé teine síos dó féin, agus nuair a dhoircigh sé, do las sé coinneall a bhí aige in a phóca. Do dhearg sé a phíopa, agus do bhí sé á chaitheamh in aice na teine.
    Tímcheall le meúdhon-oídhche d’airigh sé coiscéim duine ag teacht go dtí an doras. D’osgail an doras láithreach agus ní fada a bhí, nuair a bhí an tig lán de dhaoíne beaga. Do thosnuígheadar ag rínnce dóibh féin, ach níor chuireadar isteach ar an bfear bocht,
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    Language
    Irish
    Collector
    Mícheál Ua Gríbhthín
    Gender
    Male
    Informant
    Cáit Bean Uí Gríbhthín
    Gender
    Female
    Age
    50
    Address
    Letter East, Co. Kerry