School: Leitir (roll number 15668)
- Location:
- Letter East, Co. Kerry
- Teacher: Tomás Mac Eóin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir
- XML Page 018
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus d’íarr sé air chá bhfuair sé an ór, agus d’innis Seán an sgéul go léir do.
Nuair a chuaidh an tíghearna talmhan abhaile, do bhailig sé a chuid fear, agus tháinig sé go dtí tig Sheán, agus do sgiob sé leis an mbuidéal, agus an mála óir. Nuair a chuaidh sé abhaile, do chuir sé an mbuidéal ar an mbórd, agus dubhairt sé, “A bhuidéil, a bhuidéil,dein do ghnó.” Do léim an triúr fear amach as, agus do thosnuígheadar ag bualadh a raibh istig go rabhadar leath-marb. D’iarr an tíghearna talmhan ar duine éigin fios a chur ar Seán teacht chun na fir a stop. Nuair a tháing Seán, dubhairt sé leis an tíghearna talmhan go stadfadh sé na fir dá dtabharfadh sé an buidéal agus an mála óir tar n-ais do. Dubhairt an tíghearna talmhan leis iad a thógaint as an dtig go tapaidh. Do stad Seán na fir ansan, agus do chuadar-san isteach sa bhuidéal. Do thóg Seán an buidéal, agus an mála óir abhaile leis, agus do mhair sé fé shéan is fé shonas go deire a shaoghail.Siobhán Ní Curnáin, do sgríobh
Siobhán Bean Uí Curnáin (50) d’aithris.
Caoldubh Uachtarach,
Gleannbeithe,
Co. Ciarraidhe.- Collector
- Siobhán Ní Curnáin
- Gender
- Female
- Informant
- Siobhán Bean Uí Curnáin
- Gender
- Female
- Age
- 50
- Address
- Kealduff Upper, Co. Kerry