Scoil: Leitir (uimhir rolla 15668)

Suíomh:
Leitir Thoir, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Tomás Mac Eóin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 043

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 043

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir
  2. XML Leathanach 043
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sceal
    Bhí púncán ag scrí leabhar grinn agus tháinig sé go h-Éirinn cun rudaí greannamhra do cloisint, mar d’airig sé ríamh go raibh muinntir na h-Éireann ghéar-cúiseach. Bhí sé ag cur fé i dtig ósta i dTráighlí agus do labhair sé le fear-an-tíge aon maidin mar seo.
    D’airígheas ríamh go raibh muinntir na h-Éireann géar-cúiseach ach ní airígim aon géar cúis. Bhí fear ag glanadh na sráide. “Buáil anonn cuige sin” arsa fear-an-tíge leis, “deirtear go bhfuil sé deas bhéalach.” Anonn leis an bpúncán “Say Pat,” ar seisean “ar bhfeacas úalach mongcaí ag gábhail an treo seo?” “Ní fheaca, airiú,” arsa Pat “An amhlaidh a thuitis amac.”
    Nóra Ní Ríogbardáin do sgríobh
    Domhnall Ua Gríbhthín (22) d’aithris
    Coill Coídteac
    Gleannbeithe
    Co. Ciarraidhe.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Ríoghbairdáin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Domhnall Úa Gríbhthín
    Inscne
    Fireann
    Aois
    22
    Seoladh
    Cill Choimhtheach, Co. Chiarraí