Scoil: Leitir (uimhir rolla 15668)
- Suíomh:
- Letter East, Co. Kerry
- Múinteoir: Tomás Mac Eóin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir
- XML Leathanach 011
- XML “Piseoga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)9. Braitlín bán do thairing thar páirc(h) do cómharsain figil lae Bealtaine, creid na sean-daoine dá ndeineadh aoinne é sin, go dtógfhadh síad ádh an duine go léir leo.
10. Má théigheann duine isteach i dtig na mbíonn cuigion dhá déanamh ní cheart dó dul amach gan é bhualadh, mar do creid na sean-daoine go dtógfhadh siad an t-ím leo.
11. Creideadar leis nár cheart aon éadach nua a chaitheamh ag dul ar thórraimh, agus chreideadar dá gcaithidís go dtagadh an bás ortha go luath.
12. Creideadar go soinseálach an t-uisge go dtí fíon Oidhche Nodlag Beag, agus má’s fíor íad chuaidh beirt fhear mach cun chuid de a thabhairt isteach, agus ní fuareadh tásg ná tuairisg ó shoin ortha.
13. Tá saghas éin ann ar a dtugtar an Mag, agus nuair a chídheann duine ceann achu i n-aonar, deireann síad go mbeidh an t-ádh leo ar feadh na mbliadhna, agus nuair a chídheann síad dhá cheann i dteannta a chéile, deireann síad go mbeidh mí-ádh ortha, agus nuair a chídheann síad trí chínn i dteannta a chéile, deireann síad go mbeidh duine éigin chun pósadh agus nuair a chídheann síad ceithre chínn i dteannta a chéile deireann síad go bhfuil gaol díobh chun bás d’fhághailt.Siobhán Ní Churnáin a sgríobh
Siobhán Bean Uí Curnáin (50) d’aithris.
Caoldubh Uachtarach,
Gleannbeithe- Bailitheoir
- Siobhán Ní Curnáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Siobhan Bean Uí Cúrnáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Kealduff Upper, Co. Kerry