Scoil: Leitir (uimhir rolla 15668)
- Suíomh:
- Leitir Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tomás Mac Eóin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir
- XML Leathanach 010
- XML “Piseoga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- PiseógDo chreid na sean-daoine fadó mórán rud díth-chéilidhe, seo cuid achu:-
1. Lá Bealtaine ní leigidís spré teine as an dtig, mar chreideadar go mbeadh mí-ádh ortha ar feadh na mbliadhna.
2. Creideadar leis dá raghad duine go bruach na fairrge an lá san, go bhfeicfeadh sé Tír-na-nÓg.
3. Ní thabharidís braon bainne d’aon duine an lá san, mar creideadar ná bheadh aon ím achu an bliadhan sin.
4. Do chreideadar leis nár cheart d’aoinne dul ag snámh mí Bealtaine, mar deiridís dá raghadh siad ag snámh go mbáthfaí íad.
5. Do chreideadar dá gcloisidís an chuach in a gcluas chlé ar dtúis go mbeadh mí-rath ortha i rith na mbliadhna.
6. Do chreideadar leis dá mbeadh lá San Suitín go breágh go mbeadh dachad lá ina dhiaidh mar é, ach dá mbeadh sé ag cur báistíghe an lá san go mbeadh dachad lá eile ‘na dhiaid ag chur báistighe.
7. Oidhche Samhna do dheinidís cístí, agus cuiridís taobh amuigh de’n dorus íad, nuair a bhídís ag dul a chodladh, mar cheapadar go dtagadh na “Púcaí” an oidhche sin cun na cístí do bhreith leó.
8. Do chreideadar leis nár cheart d’aoinne bheith amuigh déanach aon oidhche sin, mar deiridís go mbeadh an sluagh sídhe ag taisteal mór-thimceall na h-áite, agus gur baoghal d’aoinne bheadh amuigh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Curnáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Siobhan Bean Uí Cúrnáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- An Caol Dubh Uachtarach, Co. Chiarraí