Scoil: Leitir (uimhir rolla 15668)
- Suíomh:
- Letter East, Co. Kerry
- Múinteoir: Tomás Mac Eóin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)amach as an príosún, do bhí meas Rígh ag muinntir na h-áite ortha.
Do bhí muinntear Cúm-ach-Satharn an-bocht, agus ní rabhadar ábalta ar na cíosanna árda do dhíol, agus mar gheall ar sin chuaidh báillí agus póilíní ann, agus cuireadar ocht dtighthe tré teine. D’fhághadar fear-faire ag tabhairt aire dos na feirmeacha, agus bhíodh na póilíní ag tabhairt aire don bfear.
Oidhche amháin bhí an fear-faire agus na póilíní ag dul go Cúm-ach-Satharn. Do bhí tuille in abha na beithe, agus ní raibh aon droichead cun dul treasna n h-abhainn an uair sin, agus nuair an fear-faire ag dul treasna do sleamhnuig sé agus do bhádhadh é. An maidin lár na bháireach – fuarach an corp ag poinnte Rosbeithe. Deirtear gurabh amhlaidh go raibh na póilíní tuirseach ó bheith ag tabhairt aire dó, agus gur caitheadar isteach san uisge é.Pádraig De Búrca a sgríobh
Seán Ua Gráda d’innis
Cúl-na-Airtgil
Gleann-beithe
Co. Ciarraidhe- Bailitheoir
- Pádraig de Búrca
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seán Ua Gráda
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Coolnaharragill Upper, Co. Kerry