School: Castlerock N.S. (roll number 13242)

Location:
Drummartin, Co. Sligo
Teacher:
Frank Haran
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0174, Page 032

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0174, Page 032

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Castlerock N.S.
  2. XML Page 032
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Bhí péire in-a gcomhnuidhe in aice tighe righ uair amháin agus ní raibh aca ach inghean agus fearacht chuile duine eile...

    Bhí péire in-a gcomhnuidhe in aice tighe righ uair amháin agus ní raibh aca ach inghean agus fearacht chuile duine eile nach bhfuil mar clann aca ach ceann amháin rinne síad peata dhí. Nuair a bhí mo dhuine in ann do'n obair ní chuideóchadh sí le'n a máthair a bhí cromtha as ucht an méid oibre a dhéineadh sí. Lá amháin bhí mórán oibre le déanamh sa tigh. Ní raibh an bhean bhocht in ann é a dhéanamh agus d'iarr sí conghnamh ar an inghin ach ar sise "níl mé in ann a leithead a dhéanamh" Is annsin a chonnaic an mháthair an aimhreacht a rinne sí agus peata a dhéanamh de'n chailín. Gan a thuilleamh a radh fuair sí bunsach mó slat agus bhí ag gabháil ar an duine beag gur bhrus síad í smidiríní.
    Thárla go raibh an rí ag gábháil thar an teach ag an bpuinnte sin agus chúala sé an rí rá agus an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0501: The Three Old Women Helpers
    Language
    Irish
    Collector
    Tomás Ó Cearbhall
    Gender
    Male
    Address
    Letterbrone, Co. Sligo