School: An Clochar i gCárna
- Location:
- Carna, Co. Galway
- Teacher: Siúracha na Trócaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Na tighthe a bhíodh ag na daoine fadó bhídís an-bheag agus an-bhocht. Sé an saghas ceann a bhí ortha ná ceann tuighe, agus corr-ceann eile bhíodh ceann tuighe agus ceann slinne ortha. Chuirtí cíb agus fraoch ortha freisin agus bhíodh sé sin an-daingean agus sheasadh sé ar feadh ráithe nó mar sin gan tuitim. Bhíodh leapacha ins an gcistin ins na tighthe fadó. Sé an áit a mbíodh siad i dteannta an bhalla.
Bhíodh seomra eile ins na tighthe agus sé ant-ainm a ghlaodhach na daoine air ná cailleach agus chodluigheadh cuid de mhuinntir an tighe annsin.Bhíodh an teinteán sa gcúinne ag an gcuid is mó de na daoine agus bhíodh sí i lár an urláir ag an gcuid eile. Ní bhíodh ach aon doras amháin ins na tighthe fadó agus sé an saghas comhla a bhíodh aca chun an doras a dhúnadh ná sean-chomhla adhmaid agus go minic bhíodh dhá chliabh sa doras aca. Ní bhíodh ar na tighthe sin ach aon fhuinneog amháin agus clocha a bhíodh ionta sar a gcuirtí gloine ionnta. Bhíodh leath-dhoras i ngach tigh an uair sin. Is gual a bhíodh ag na daoine chun teine mar théigheadh carr thar timcheall leis agus thugadh sé do na daoine é. Sin a bhí mar theine aca nó go dtainig an mhóin.(continues on next page)- Collector
- Nóra Nic an Iomaire
- Gender
- Female
- Address
- An Coillín, Co. Galway