School: An Clochar i gCárna
- Location:
- Carna, Co. Galway
- Teacher: Siúracha na Trócaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Clochar i gCárna
- XML Page 455
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)'Ní bheidh an cailín ag cachtar agaibh, caithfidh mé fios a fhághail cé agaibh is leisceamhail'. D'fhiafruigh sé annsin 'cé chomh leisceamhail is atá tusa', a deir sé leis an gcéad mhac. 'Tá mé chomh leisceamhail' a deir sé 'is dá dtuitfeadh splanc ar mo bhróg nach dtógfainn í go ndóighfí mo bhróg, nach dtógfainn í go ndóighfí mo stoca, nó go ndóighfí mo chos. 'Cé chomh leisceamhail atá tusa' a deir sé leis an dara mac. 'Tá mé chomh leisceamhail' a deir sé 'is dá dtéighinn ag marcaidheacht ar chapall nach gcoróchainn go mbeadh leath dhíom ar a chaon taobh di'. 'Cé chomh leisceamhail atá tusa', a deir sé leis an tríomhadh mac. 'Tá mé chomh leisceamhail' a deir sé 'is an taobh a d'ionntóchainn leis an mbean óg sa n-oidhche nach gcoróchainn uaidh go dtí ar maidin.' 'Ó is agat a bheidh an bhean' a deir an fear leis mar níor labhair aon duine ar an mbean óg ach tú féin'. Tamall 'na dhiaidh sin phos an bhean óg agus an tríomhadh mac agus bhí saoghal deas aca ó shin amach.
- Collector
- Nóra Nic an Iomaire
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- An Coillín, Co. Galway