School: An Clochar i gCárna

Location:
Carna, Co. Galway
Teacher:
Siúracha na Trócaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 443

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 443

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar i gCárna
  2. XML Page 443
  3. XML “Diarmuid agus Gráinne”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Fuair sé greim ar an ngasúr marbh agus chuir sé a bhéal, a ......... agus a ghlúine faoi ar an urlár agus annsin chuaidh sé ag .......... os a chionn nó go ndearna sé collach muice dhe agus dubhairt sé le Diarmaid mac Dhuinn a mharbhú nuair a bheadh sé sa reacht is fearr .... a shaoghal. Chuaidh an collach amach agus d'fhág na Fianna agus a raibh ins an teach. Bhí an draoidheadóir ag múineadh draoidheachta agus chuile chineál ...... fhead sé do mhac Dhuinn go ndearna sé fear maith agus go raibh sé foghlamtha ar chuile shórt cleasanna. Nuair a bhí Diarmaid ina fhear maith annsin le h-aghaidh chuile ní d'imthigh sé leis na Fianna Éireann, agus bhí sé ar cheann de na fir ab fhearr a bhí i n-Éirinn, ní raibh sé ann, an fear a bhí ní b'fhearr ná é. Nuair a bhí sgathamh den aimsir caite i n-éineacht le Fianna Éireann chuaidh Fianna Éireann ar cuairt ar athair Ghráinne agus bhí sí iarrtha ag Fionn mar bhean roimh an lá seo.
    Nuair a chonnaic sí Fionn níor thaithnigh sé léithe. Cheap sí go raibh sé ró-shean agus bhreathnuigh sí ar na Fianna ar fad agus thaithnigh Diarmuid léithe nios mó ná aon duine eile. Chuaidh sí amach agus bhain sí géagán glas coille. Chuaidh Diarmaid agus Oisín amach ag siubhal agus tháinig Gráinne chuca agus bhuail sí trí iarraidh den ghéagán glas coillle ar Dhiarmaid agus dubhairt sí leis go gcaithfeadh sé í féin a phósadh. Dubhairt Diarmaid léithe nach bhféadfadh sé é sin a dhéanamh ó bhí sí ceaptha d'Fhionn. Labhair Oisín agus dubhairt sé ' Tá tú feileamhnach le na h-aghaidh agus tabhair leat í' mar tá Fionn ró-shean di. D'imthigh Diarmaid agus Grainne le chéile an oidhche chéadna. Nuair a chuala Fionn go raibh Gráinne imthighte le Diarmaid d'orduigh sé don arm fré chéile a dhul dá dtóraidheacht go marbhuigheadh sé iad. Bhí a fhios ag Diarmaid go bhféachfadh sé leis sin a dhéanamh agus chuaidh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Nic an Iomaire
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    An Coillín, Co. Galway