School: An Clochar i gCárna

Location:
Carna, Co. Galway
Teacher:
Siúracha na Trócaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 393

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 393

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar i gCárna
  2. XML Page 393
  3. XML “Grabaire Beag Fhinn Mhic Chumhaill”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    an bhreith a thug tú tógaim é, agus an bhreith a cuirtear orm fulaingim í'.
    Chuaidh an bhean ar stuaic an teampaill, agus chuaidh Fionn abhaile. Maidin lae ar na bhárach, réidhthigh sé é féin le dul ag tóruigheadhacht an Righ. Ghabh sé go dtí an fhairrge 'san áit a raibh an soitheach aige. Sheol sé amach ar an bhfairrge, agus tráthnóna, chonnaic sé soitheach eile tamall maith uaidh agus í ag déanamh air. Ba ghearr an t-achar go raibh an dá shoitheach chomh gar le chéile gur bheannuigh sé fein agus an fear a bhí sa soitheach eile dá chéile. Ní raibh innte ach an fear amháin agus de réir mar labhair sé le Fionn, bhí aithne aige air. 'An misde dhom a fhiafruighe díot a deir sé cá bhfuil tú ag dul nó céard a chas an bealach seo thú'. 'Ni misde, tá mé faoi gheasa ag sean bhean gan stopadh ná cómhnaidhe a dhéanamh go dtuga mé chuice cloigeann Rí na Binne Bogaige'. ' Bhuel, má dhéanann tú mo chomhairle a deir an fear eile le Fionn, casfaidh tú abhaile, agus ní ghabhfaidh tú níos fuide. Níl aon ghoir agat go bhfuil tú in ann a dhul isteach ins an áit a bhfuil sé sin in a chomhnaidhe le'n a bhfuil de dhraoidheacht aige, gan trácht ar bith ar an ceann a bhaint dhe. Níl aon fhear sa domhan in ann an ceann a bhaint de sin muna mbaine mise dhe é, agus níl aon lá ó tháinig mé in aois fir nach bhfuil mé i ndiaidh mo shásamh a bhaint dhe. Freisin, tá mé faoi gheasa ag mo bhean a bheith sa bhaile arís gach tráthnóna. Ach! ó casadh tusa liom a deir sé le Fionn rachaidh mé isteach in do shoitheach anois in éindigh leat, agus sgaoilfidh mé mo shoitheach féin le gaoith
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Nic an Iomaire
    Gender
    Female
    Address
    An Coillín, Co. Galway
    Informant
    Tomás Mac an Iomaire
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    65
    Address
    An Coillín, Co. Galway