School: An Clochar i gCárna
- Location:
- Carna, Co. Galway
- Teacher: Siúracha na Trócaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Clochar i gCárna
- XML Page 388
- XML “Ainmneacha Áite”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Dúe Leitir:- Sé an fáth gur tugadh air é mar tá go leor fraoch agus aiteann ann.
Cloch a' Míle:- Sé an fáth gur tugadh air é mar míle ón gcloch sin go dtí an cros bhóthar.
Cnoc - Buidhe:- Sé an fáth gur tugadh air é mar bhí gluaisteán ag dul soir tríd an sliabh sin.
An Tailéar :- Sé an fáth gur tugadh air é mar tá fánán mór díreach ann agus go leor clocha.
Garrdha - Dearg:- Sé an fáth gur tugadh air é mar geata dearg air agus nil aon chloch ann.
Cnoc beag Chata? :- Sé an fáth gur tugadh air é mar bhí cait? ag dul thart ann uair amháin agus stadadar? ann agus tugadh Cnoc beag chata? air
Cloch an Taibhse -Sé an fáth gur tugadh air é mar bhí daoine ag dul thar an gcloch agus bhídís ag éisteacht leis an gcaint istigh sa gcloch.
An Tadhbach :- Sé an fáth gur tugadh air é mar ní féidir le haon duine siubhal air.
Clochar Sheáin Uí Chaoila:- Bhíodh fear agus éadach bán air san oidhche le feiceáil ann.
Gleann Mór:- Gleann mór atá idir dhá chnoc ann.- Collector
- Bairbre Ní Donnchadha
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- Roisín na Mainiach, Co. Galway