School: An Clochar i gCárna

Location:
Carna, Co. Galway
Teacher:
Siúracha na Trócaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 384

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 384

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar i gCárna
  2. XML Page 384
  3. XML “Jack an Gadaí Dubh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    mé in ann aon obair a dhéanamh níos mó agus caithfidh tú féin do bheartha a shaothrú feasta. ''Ceart go leor a mháthair cé an chéird a ghabhfaidh mé leis''. Níl fhios agam arsa a mháthair. Tá a fhios agam a dubhairt Jack gabhfaidh mé le gadaidheacht. Ó ná téirigh arsa a mháthair. Anois arsa Jack téirigh siar go teach an phobail agus iarr ar Dhia cé an chéird a chuirfidh tú do mhac leis. Chuaidh a mháthair siar an bóthar agus chuaidh Jack siar an áitghiorra agus chuaidh sé ar chúl na h-altóra. Thainig a mháthair isteach leis agus d'iarr sí ar Dhia cé an chéird a chuirfeadh sí a mac leis. ''Chuir le gadaidheacht é arsa Jack ó chúl na h-altóra. Chuaidh an mháthair abhaile agus bhí Jack sa luaith rómpaí. Cé an scéal agad a mháthair arsa Jack. An rud a bhí tú ag iarraidh arsa a mháthair tá sé agad gadaidheacht. D'imthigh le Jack annsin agus chuaidh sé ar aimsear ag fear a drugadh siad an Gadaidhe Dubh air ar feadh lá is fiche lá amháin bhí Jack agus an Gadaidhe Dubh ag triomughadh feír agus bhí triúr buachaill an Ghadhaidhe Duibh ag dhul siar an bóthar agus tarbh aca. Dubhairt an Gadaidhe Dubh le Jack buailfidh mé an cloigeann díot mara ngoideadh tú an tarbh agus má goideann tubhradh mé cúig phúnt duit. D'imtigh le Jack agus fuair se trí cinn de coiníní agus chuaidh sé ar cúl an claidhe agus scaoil sé coinín treasna an bóthair agus a cos briste agus lean duine de na buachaillí é. Rinne sé an cleas céadna leis an péire agus lean an beirt eile iad agus d'fhág siad an tarbh in a ndiaidh ar an mbóthar.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1525: The Master Thief
    Language
    Irish
    Collector
    Bairbre Breathnach
    Gender
    Female
    Address
    Roisín na Mainiach, Co. Galway