School: An Clochar i gCárna

Location:
Carna, Co. Galway
Teacher:
Siúracha na Trócaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 357

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 357

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar i gCárna
  2. XML Page 357
  3. XML “An Gobán Saor”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ceird aige ar nós é féin. Thárla san am céadna go raibh mac óg ag bean ar an mbaile agus thug bean an Gobán a h-inghean féin dí ar an mac. Bhí fhios aici go mbeadh an fear sásta freisin, mar ní raibh fhios ag an bhfear nach mac a bhí aici. Tamall 'na dhiaidh sin fuair bean an Ghobáin bás agus ní raibh aici ach an t-aon mhac, ach tamall 'na dhiaidh sin phós an mac sin bean áluinn. 'Na dhiaidh sin tháinig duine uasal chuig an ngobán agus dubhairt sé leis a theacht agus caisleán a dhéanamh dó. Dúbhairt an Gobán go ngabhfadh agus fáilte agus a mhac freisin. An lá seo réidhthigh an beirt aca agus d'imthigheadar leo agus thosuigh an Gobán ag rádh le na mhac an bóthar a ghiorrú ach sé an chaoi ar thosuigh an mac ag rith agus d'fhill an bheirt aca abhaile mar gheall aair sin. An dara lá dúbhairt sé leis an bóthar a ghiorrú ach thosuigh sé ag rith arís. D'fhiafruigh bean mic an Ghobáin tuige a raibh fhios aige ach gur thosuigh an t-Athair ag rádh leis an bóthar a ghiorrú agus nach raibh fhios aige cionnus é a dhéanamh agus d'fhill an t-athair abhaile annsin. 'Deirim-se leat anois' a deir a bhean leis 'an chéad lá eile a déarfas sé leat é sin a dhéanamh tosuigh tusa ar sgéal a innsint agus geallaim-se dhuit nach mbeidh tú i bhfad ag giorrú an bóthair annsin. Nuair a shroich sé teach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Gobán Saor (~181)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Maoilchiaráin
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    Roisín na Mainiach, Co. Galway
    Informant
    Brighid Ní Liodáin
    Gender
    Female
    Age
    83
    Address
    Roisín na Mainiach, Co. Galway