School: An Clochar i gCárna
- Location:
- Carna, Co. Galway
- Teacher: Siúracha na Trócaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Clochar i gCárna
- XML Page 355
- XML “Tobar Beannaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ag na gasúir, bhí siad chomh breagh sláinteamhail is bhíodar ariamh.
B'é tuairim na gcomharsan gurbh í an bhean uasal an Mhaighdean Mhuire, agus go dtí an lá atá indiú ann teigheann daoine ar thuras spioradálta go dtí an tobar sin chuile bhlian.
Lá Muire beag sa bhFóghmhar tugtar an turas ann. Gabhann siad thart timcheall an tobair seachr n-uaire, tógann siad seacht gclocha, gach uair a dteigheann siad thart caitheann siad cloch isteach sa dtobar, tar éis an phaidir ''Sé do bheatha Mhuire' agus 'Glóir do'n Athair agus do'n Mhac' a rádh. Má tá páiste tinn ag mnaoi, agus má ghabhann sí chuig an tobar, agus má fheiceann sí féiceacán ann, comhartha é sin go mbeidh an páiste leighiste nuair a ghabhfas sí abhaile. Tógtar uisge as abhaile, agus cuimiltear ar dhaoinibh tinn sa bhaile é. Fágtar a lán rudaí ag an tobar- blátha, pighneacha, pictiúrí, sean-phaidríní, buinn, faochana beaga is araile.- Collector
- Máire Ní Bhrian
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- Roisín an Bholgáin, Co. Galway