School: An Clochar i gCárna

Location:
Carna, Co. Galway
Teacher:
Siúracha na Trócaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 338

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 338

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar i gCárna
  2. XML Page 338
  3. XML “Scéal - Cú Chulainn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ndéanfadh sé aon chlaidheamh amháin díobh agus thosaigh Cúchulainn ag innsint a sgéil. 'Bhí mé lá a deir sé ag siubhal liom fein. Bhí an talamh clúduighthe le sneachta agus casadh lorg cos fir liom ann. Bhí troigh na coise sin chomh fada liom féin nuair a shín mé fein ar lorg na coise. Ní raibh siubhalta agam ach cúpla coisméig eile nuair a casadh lorg cos bó liom, agus bhí an méid céadna i gcrúb na bó. Leanas liom tríd an sneachta agus is gearr go bhfaca mé fear mór faoi bhun chrainn nach bhfaca mé a leithéid ariamh le meid agus teine adhbal mór faduighthe aige, agus é ag feannadh na bó. Nuair a chonaic mé é, sheas mé suas féachaint a bhféadfainn imtheacht arís uaidh i ngan fhios dó bhí an oiread sin faitíos orm. Chonnaic sé mé, agus thosuigh sé ag sméideadh agus ag glaodhach orm tigheacht chuige. Níor leig an faitíos dhom imtheacht uaidh agus chuadhas anonn chuige. Ghearr sé piosaí móra feola, bhruith sé ar an teine iad agus thug sé le n-ith dhom féin iad. Is gearr go bhfaca mé fear i bhfad ní ba mó ná é ag tigheacht chugainn agus cé bheadh ann ach an fear gur ghoid sé féar na bó uaidh. Dionnsuigh an bheirt aca a chéile agus thosaigh an troid. Chuaidh mise i gcabhair an chéad fhir, ag gabháil do mo chlaidheamh ar an bhfear eile, ach bhí sé chomh h-árd sin nár fhéad mé a' shroichint níos áirde na a colpa. D'airigh sé sa deire go rabhas 'á ghortú. Chuir sé a lámh thairis agus fuair greim orm, agus céard a dhéanfadh sé liom ach mé a sháitheadh suas faoi crois a bhí fa'n a lár. Bhí mé i ngreim daingean aige annsin ach leis an gcreathadh a bhí an bheirt ag tabhairt dá chéile bhí mé ag sgiorradh anuas ón gcrios, nó go dtáinig mé chun na talmhan. Rug mé ar mo chlaidheamh arís, agus thosaigh mé 'é bhualadh. Nuair d'airigh sé mé rug sé orm agus chaith sé uaidh mé agus cá gcuirfeadh sé mé ach isteach i gceann d'adharca na bó. Bhí mé chomh fada isteach san adhairc gur shíl mé nach dtiocfainn amach go brach arís'. Sin é an uair a labhair amach bean an ghabhann a bhí i bhfolach faoi maidí na mbolg. 'Ní Cúchulainn ba cheart a thabhairt ort-sa an t-am sin' ar sise ach cú na h-adairce. Ní dhearna Cúchulainn
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Cú Chulainn (~40)
    Language
    Irish
    Informant
    Tomás Mac an Iomaire
    Gender
    Male
    Age
    60
    Address
    An Coillín, Co. Galway