Scoil: Corra Finne (uimhir rolla 12877)

Suíomh:
Corrofin, Co. Galway
Múinteoir:
Cáit Ní Lochlainn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0021, Leathanach 0107

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0021, Leathanach 0107

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Corra Finne
  2. XML Leathanach 0107
  3. XML “Béaloideas”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Chuaidh beirt fhear go damhsa, oidhche amháin. Bhíodar ag damhsa go dtí a dó a chlog ar maidin. Ansin thosuigheadar ar a mbealach abhaile. Ní raibh ach míle den bhóthar curtha uatha, nuair a thosaigh sé ag cur bháistighe. Shuidh an bheirt aca, Seán agus Pádhraig, faoi bhun crainn ar feadh tamaill. Chuala Seán torann, mar bheadh capall ag rith. Na sidheoga a bhí ann agus thugadar Pádhraig leo. D'fhágadar fear eile i-n-a áit ach cheap Seán gurbh é Pádhraig a bhí ann i gcomhnaidhe. Nuair a bhí an bháisteach thart, thosuigheadar ag siubhal arís. Do chuireadh Seán ceist ar Phádhraig, anois agus arís, ach ní bhfaigheadh sé freagra ar bith. Lá ar na bhárach, chuaidh Seán chuig tigh Phádhraig agus d'iarr sé ar a mháthair cá raibh Pádhraig. Dubhairt sí go raibh sé sa leaba, go raibh sé an-tinn. Annsin chuaidh sé abhaile. Lá ar na bhárnach, tháinig sé arís, agus dubhairt a mháthair go raibh sé beagnach marbh. An oidhche chéadhna fuair sé bás, agus bhí brón mór ar mhuinntir an tighe ach ní hé Pádhraig a fuair bás. Bhí sé ins na sidheogaibh. Oidhche amháin i-na dhiaidh sin, chuaidh Seán agus buachaillí eile go damhsa. Bhíodar ag rinnce ar feadh na h-oidhche, agus sul a raibh an damhsa thart, d'éalaigh Seán amach i-ngan fhios do na buachaillí eile, mar bhí tuirse air. Do shiubhal sé go dtáinig sé go teach a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mairghéad Ní Chearbhaill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Corrofin, Co. Galway
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Chearbhaill
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    73
    Seoladh
    Corrofin, Co. Galway